← Thugtaí 'Imbolc' ar an bhféile seo roimh theacht na Críostaíostaíochta agus ba cheann de mhórfhéilte na bliana í. 🔊
← Naomh Pádraig é féin a bhaist í de réir mar a deirtear agus bhí cáil na naofachta uirthi ó bhí sí an-óg. 🔊
← Mná amháin a ceadaíodh in aon ghiorracht den tine agus chuir Bríd fúithi anseo i measc na mban a bhí ag adhradh na seandé. 🔊
← Sean-Bhríd Ba dhia a bhain leis an Tuatha Dé Danann í. Bhí beirt deirféar aici ar ar tugadh Bríd freisin - Bríd an Leighis agus Bríd na Gaibhneachta. 🔊
← Ba dhia na filíochta agus na saíochta í Bríd. 🔊
← Tá cuma na Críostaíochta air seo sa mhéad is go bhfuil trí phearsa i mBríd. 🔊
← Thugtaí omós di ag toibreacha beannaithe timpeall na tíre agus sna críocha ceilteacha ar fad. 🔊
← Na Tréithe a bhain le Naomh Bríd Ceaptar gur tógadh cuid mhaith de na tréithe a bhain leis an sean-dia, nó tréithe na dtrí phearsa a bhain léi, agus gur leagadh ar Naomh Bríd na Críostaíochta iad. 🔊
← Níl aon dabht faoi ach go raibh cáil na naofachta uirthi. 🔊
← Bhí a máthair i mbun na déiríochta ar fheirm a bhí ag draoi agus nuair a fuair Bríd a seans thug sí gach a raibh d'im san áit do na bochtain. 🔊
← Nuair a dhúisigh sé bhí na cluasa ba dheise riamh air agus shochraigh siad ar chruinniú a bheith acu tamall ina dhiaidh sin chun ceist na talún a réiteach. 🔊
← Bean a bhí an-tábhachtach i saol na hÉireann ba ea Bríd is cuma Bríd na Págánachta nó Bríd na Críostaíochta atá i gceist. 🔊
← Bean dhána na ndán, an dóchais agus na carthanachta í. 🔊
← Ní haon ionadh mar sin go nglactar léi mar sin mar dhuine de thriúr naomh na hÉireann - Pádraig, Bríd is Colmcille, agus is tráthúil é go mbeadh lá saoire poiblí againn ina honóir ar deireadh. 🔊